Ar an teitheadh leis an Róbat Rapála

Tinte na Farraige Duibhe

Léirmheas: Ian Malcolm

Agus mé i mo dhéagóir, ba mhór an dúil a bhí agam i bhficsean eolaíochta. Ní hé go raibh post le NASA nó a leithéid de chuspóir agam, ach bhí mé gafa ag na scéaltaí faoi phláinéid i bhfad uainn agus na sibhialtachtaí orthu.

B’é Isaac Asimov rí na ceirde, dar liom, agus mé i ngreim faiscthe ag “dlíthe na róbataice” a chum sé in am nuair a bhí an coincheap féin ait agus teibí.

De réir a chéile, bhog mé ar aghaidh agus chuir mé ficsean-eolaíochta taobh thiar díom, ag bogadh i dtreo scríbhneoirí móra na Gaeilge. Ach thug mé cuairt as an úire ar an “genre” le deireanas agus mé ag léamh Tinte na Farraige Duibhe, scríofa ag Tim Armstrong.

Turas idir-réaltra: Tinte na Farraige Duibhe

Tá scéal an scéil, má thuigeann tú leat mé, suimiúil ann féin: Meiriceánach a scríobh, i nGaeilge na hAlban, agus Éireannach a d’aistrigh go Gaeilge é.

Tá jab maith déanta ag Eoin P. Ó Murchú gan dabht agus aistriúchán iontach inléite curtha ar fáil aige.

Baineann an scéal go príomha le triúr atá ar an teitheadh, ag iarraidh éalú ó ghealach bheag a bhfuil a spriocdháta díola beagnach caite agus na mionraí a bhí mar fhuil na háite ag rith amach. Anois, is beag dúil atá ag na húdaráis san áit, nó sna daoine bochta atá fágtha.

Tá Sál i ngrá le Ríosa, bean óg ghealchroíoch, ach caidreamh casta atá ann agus ní thuigeann sé cad chuige a n-imíonn sí uaidh ar feadh sealanna fada. Le cuidiú ó dhuine chibirniteach, A-Hiom (ar fuath leis an fhocal “róbat”), éalaíonn siad agus póilín gránna, ar leathchrogall é, ar a dtóir.

Seilbh drugaí an chúis atá Sáirsint Raithdead á leanúint, ach éiríonn sé soiléir go bhfuil níos mó ná dúidín nó dhó i gceist leis an chuardach idir-réaltach seo. Tá praghas ard ar chloigeann Ríosa, gidh nach eol di an méid seo.

Taobh thiar dá gcuid trioblóidí tá bean mhíthrócaireach darb ainm Sadb, Banimpire neamhoifigiúil na Comhghuaillíochta Idir-Réaltrá, an t-údarás gránna atá gafa ag cumhacht agus airgead.

Agus an triúr ar an teitheadh, leis an leathchrogall sna sála orthu i gcónaí, tá téagar is fuinneamh sa leabhar mar scéal, leis an iliomad caismirní a thógann an drong beag ó ghéarchéim go sáinn gan stad.

Ni thig liom a lán eile a nochtadh gan an plota a scrios oraibh ach is féidir a rá gur ceoltóir é Tim Armstrong; go deimhin, bhí sé i mbanna punc i nDún Éideann tráth den tsaol. Tá a shuim i gcúrsaí ceoil le brath tríd an scéal agus tá mé cinnte go mbainfidh sibh sult as an “róbat rapála”!

Agus níl a fhios agam an bhfuil an carachtar Seócair bunaithe ar eispéireas éigin a bhí ag an údar le bainisteoir banna…

An bhfaighidh Raithdead greim ar a chreach? An mbeidh Sadb in ann cur lena cumhacht idir-réaltra? Agus an dtuigfidh Ríosa cad chuige a bhfuil praghas mór ar a ceann?

Tá téamaí ár linne faoi chaibidil fosta: saint chorparáideach, scrios timpeallachta agus réabadh acmhainní nádúrtha.

Níorbh fhéidir liom an bunleabhar a léamh toisc go bhfuil mo chuid Gaeilge na hAlban saghas bunúsach, ach iompraíonn aistriúchán Eoin P. Ó Murchú an fuadar is na sceitimíní go dtí an leagan Gaeilge go sciliúil.

Tá mé gafa ag ficsean eolaíochta arís agus ag dréim go mór leis an chéad úrscéal eile ó Tim Armstrong!

(Is féidir éisteacht le hEoin P. Ó Murchú ag caint liom faoina aistriúchán ar Tinte na Farraige Duibhe anseo.)

Tá Tinte na Farraige Duibhe scríofa ag Tim Armstrong agus aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú. Foilsitheoir: Leabhar Breac. Praghas: €15.

4 thoughts on “Ar an teitheadh leis an Róbat Rapála

  1. Mhaith thú a Ian ar an léirmheas seo.

    Bíonn an t-údar Éireannach Meiriceánach, a rugadh i Nua Eabhrac, darb ainm Seán Ó Muirgheasa a scríobh leabhar darb ainm “An Dola Á Íoc” freshin. Pléann an leabhar sin le crosbhealach an rialtais, na teicneolaíochta agus na saint.

    Liked by 1 person

Leave a reply to Lèirmheas air Tinte na Farraige Duibhe le Ian Malcolm! | Air Cuan Dubh Drilseach Cancel reply